Cúige Chonnacht / Laighean

+353 (0)91 869571

Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Lúnasa, 2021

03LúnAll Day10Cleas na BacóideGligíní

SONRAÍ IMEACHTA

Seo cluiche atá chomh haosta leis an cheo agus a bhfaigheann páistí an-sult as, agus nach é atá folláin agus fuinniúil  bheith ag imirt amuigh faoin spéir. Tá leaganacha difriúla ann ach seo ceann bunúsach teaghlaigh agus is féidir do rogha féin a dhéanamh de.

Cailc atá ag teastáil uait agus déan 10 gcearnóg mar a fheictear sa phictiúr. 1- 10.

Seo an dóigh le himirt : Tóg cloch bheag agus déan iarracht í a chaitheamh i gceann de na cearnóga ag tosacht le cearnóg uimhir a haon. Má theipeann ort dhul sa chearnóg gabhann an imirt go dtí an chéad duine eile.

Má éiríonn leat seo do sheans! Preab ar leathchois go huimhir a 10 ( ag léim thar an chearnóg ina bhfuil an chloch inti ) tiontaigh thart agus preab ar leathchois go cearnóg na cloiche.

Crom síos (ag fanacht ar leathchois) agus tóg an chloch. Ansin preab leat go dtí an tús arís. Caithfidh tú an chloch a chaitheamh sa dara cearnóg le leanstan ar aghaidh.  Má sheasann tú ar líne, ar chearnóg mícheart nó lasmuigh den chearnóg caillfidh tú do sheans imirt.

An aidhm atá leis an chluiche seo ná go mbeidh an bua ag an té is tapúla a chuireann an chloch isteach i ngach cearnóg agus a chríochnaíonn an cúrsa ó 1 go 10 ar leathchois gach am.

more

AM

Lúnasa 3 (Máirt) - 10 (Máirt)

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

X