Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Imeachtaí agus spraoi

Deireadh Fómhair

DFGligíní

DFComhrá Teaghlaigh

14DF4:15 rnClub Ceoil TnaGAn Daingean

14DF10:00 rnBos & CosRann na Feirste

14DF10:30 rnCúrsa SuathaireachtAn Daingean

14DF10:30 rnBualadh BosBearna

16DF3:30 rnScéalta TeidíAn Dromaid

16DF11:00 rn12:30 rnCúrsa SuathaireachtaMachaire Rabhartaigh

16DF5:00 inScéalaíocht agus LegoNa Rosa

16DF6:00 inScéalaíocht agus LegoNa Rosa

17DF3:00 inEalaín, Ceol agus CuideachtaFánaid

18DF1:00 inAg Spaisteoireacht sa gCladachAn Cheathrú Rua

18DF10:30 inSiamsán LegoAn Spidéal

21DF4:15 rnClub Ceoil TnaGAn Daingean

21DF10:00 rnBos & CosRann na Feirste

21DF10:30 rnCúrsa SuathaireachtAn Daingean

21DF10:30 rnBualadh BosBearna

22DF6:30 inMaisiú Puimcíní agus cluichí eileAn Gleann

23DF5:30 inCinema GaelachTóin Re Gaoth

24DF10:00 rnSeó an OireachtaisRáth Chairn

24DF10:00 rnCeardlann BácálaAn Spidéal

24DF10:30 rnAmhrán, Scéalta & RanntaCarna

24DF2:00 inSiamsán na Samhna

27DF12:00 inSiamsán na SamhnaCill Chiaráin

28DF4:15 rnClub Ceoil TnaGAn Daingean

29DF01SamOireachtas '26Cill Airne

29DF12:00 inSiamsán na SamhnaMaigh Cuilinn

29DF12:00 inSiamsán na SamhnaTuar Mhic Éadaigh

Samhain

DFGligíní

DFComhrá Teaghlaigh

29DF01SamOireachtas '26Cill Airne

01Sam11:00 rnScéalta agus CeolEanach Dhúin

04Sam4:15 rnClub Ceoil TnaGAn Daingean

04Sam3:30 inEalaín an GheimhreadhCeathrú Thaidhg

06Sam2:45 inFréamhacha TeaghlaighDumha Thuama

06Sam3:30 inClub CeardaíochtaBaile an Sceilg

07Sam11:00 rnBabaí ar an mBealachAn Daingean

07Sam11:00 rnEalaín an GheimhreadhTóin Re Gaoth

11Sam4:15 rnClub Ceoil TnaGAn Daingean

18Sam4:15 rnClub Ceoil TnaGAn Daingean

20Sam12:00 inBabaí ar an mBealachGaoth Sáile

Imeachtaí eile

An Scéim Léitheoireachta

Seisiún scéalaíochta/drámaíochta a chuirtear ar fáil do scoileanna bunaithe ar leabhra nua-fhoilsithe agus síscéalta.  Tugtar cóip de dhá leabhar a bhíonn faoi chaibidil do chuile pháiste a ghlacann páirt sna seisiúin ar mhaithe leis an léitheoireachta trí Ghaeilge a spreagadh.

 

Club Leabhar

Bíonn deis ag na páistí measúnú neamhspleách a dhéanamh ar sciar de na leabhra a fhoilsítear.

Dírítear go sonrach ar leabhra Ghaeilge nuafhoilsithe agus is deis iontach é chun cur le muinín na bpáistí sa teanga agus iad a spreagadh chun iad féin a chur in iúl.  I ngrúpaí éagsúla dírítear ar leabhra atá oiriúnach dá n-aoisghrúpa féin agus bíonn deis plé ag na páistí.  Oibrítear i gcomhar le comhordaitheoir a bhíonn i bhfeighil na ngrúpaí agus a mbíonn na páistí ar a gcompord leo.

Siopa Leabhar Gaeilge na nÓg.

Is féidir teacht chuig ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua chun an rogha mór leabhar Gaeilge atá ar fáil le ceannach a fheiceáil agus a ordú más mian leat.  Beimid ar fáil chun freastal ar ócáidí agus ar mhargaí – bord ar fáil de réimse leathan leabhar agus cluichí Gaeilge do Mhargaí Nollag agus ag ócáidí eile.

Leabhra sa bpobal

Bosca leabhar in áiteanna mar íoclanna dochtúra, bialanna, áiteanna poiblí etc

Ócáidí Liteartha i Leabharlanna

Eagraítear ócáidí liteartha ar leith le húdair éagsúla Gaeilge inár leabharlann Splanc, in Ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua ag tréimhsí éagsúla a bhíonn dírithe ar spriocghrúpaí éagsúla ó ghasúir réamhscoile agus a gcuid tuismitheoirí, gasúir bunscoile agus scoláirí iarbhunscoile.

Is é príomhaidhm na n-ócáidí go léir go bhfeicfeadh na spriocghrúpaí éagsúla ceangal díreach idir an leabhar a bhíonn idir lámha acu agus an t-údar a bhíonn i láthair.  Ábhar spreagtha dóibh féin agus bíonn deis acu eolas a chur ar an bpróiseas scríbhneoireachta a bhíonn ag na húdair éagsúla.  Músclaítear suim sa léitheoireacht agus sa teanga fhéin ag na hócáidí.  Faightear tuiscint níos leithne ar ábhar na leabhar a bhíonn á bplé agus cuirtear go mór le saibhreas teanga agus le muinín na ngasúr trí iad a spreagadh chun léitheoireachta agus cainte.  Déantar na hócáidí uilig ó thús go deireadh a reáchtáil trí mheán na Gaeilge agus is deis iontach saibhrithe teanga a bhíonn iontu.