Is muide an chéad ghlúin eile
Is eagraíocht náisiúnta Gaeltachta í Tuismitheoirí na Gaeltachta a chuireann tacaíocht, cúnamh agus comhairle ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht, nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh.
- Oibrímid le teaghlaigh atá ag cur fúthu sa Ghaeltacht agus le teaghlaigh eile a bhfuil ceangal láidir acu leis an nGaeltacht,
- Tacaímid le teaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge, agus le teaghlaigh atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile, agus
- Cuirimid imeachtaí sóisialta agus seirbhísí teaghlaigh áirithe ar fáil dóibh.
Feidhmíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta laistigh den Ghaeltacht amháin, agus de réir plean 3 bliana atá aontaithe go díreach le Roinn na Gaeltachta.


Bíonn ar gcuid imeachtaí agus seirbhísí trí Ghaeilge, rud a thugann deis do thuismitheoirí agus dá gcuid páistí, a bheith ag sóisialú trí Ghaeilge lena chéile agus le teaghlaigh eile.
Iarrtar ar thuismitheoirí luí isteach leis seo agus Gaeilge a labhairt lena gcuid paistí féin agus le teaghlaigh eile le linn ár gcuid imeachtaí.
Is féidir le teaghlaigh Gaeltachta clárú linn anseo!