Is muide an chéad ghlúin eile
Ní fada go mbíonn an samhradh curtha dínn ach go dtosaíonn an Clár Ealaín Béil, clár a thugann tacaíocht do theaghlaigh cabhrú lena gcuid paistí agus déagóirí óga a ullmhú don Oireachtas.
Eagraíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta an scéim le deis a thabhairt do dhaoine óga, aois bunscoile nó meánscoile, páirt a ghlacadh i gcomórtais an Oireachtais.


Cuirtear ceardlanna ar fáil ó Ghaeltacht go Gaeltacht ina mbíonn seisiúin ghairide ag na daoine óga agus a gcuid tuismitheoirí leis na h-áisitheoirí, duine ar dhuine.
Tugtar moltaí agus treoir don teaghlach ansin agus deis acu a bheith ag cleachtadh leo sa bhaile go dtí an tseachtain dár gcionn. Déantar seo thar tréimhse 5-6 seachtaine, cláraítear na daoine óga don chomórtas cuí agus i dtitim na súl, bíonn an tOireachtas buailte linn.
Más spéis libh go mbeidh bhur bpáistí agus déagóirí óga páirteach san Oireachtas cuideoidh an scéim seo libh iad a ullmhú do na h-ealaíona béil idir Luibíní, Agallamh Beirte, Scéalaíocht, Aithriseoireacht agus a thuilleadh.
Más spéis leat páirt a ghlacadh san Oireachtas cuir scéal chugainn anseo nó bí ag caint le duine d’ár nOifigigh Forbartha.
