Is muide an chéad ghlúin eile
Mol óige agus tiocfaidh sí, agus cúige sin cuirimid imeachtaí sainspéise ar fáil do ghrúpaí dhéagóirí dírithe ar a gcuid spéiseanna féinigh.
Tugtar deis dóibh bheith ar a gcompord, díriú ar an imeacht agus píosa spraoi a bheith acu.


Bíonn áisitheoir i láthair ag na himeachtaí i gcónaí, agus bíonn an tOifigeach Forbartha áitiúil ina aice láimhe.
Bíonn sé ana-thábhachtach go dtabharfar deis do gach ógánach páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus go léiríonn gach éinne meas ar a chéile.
Cabhraíonn imeachtaí ar an mbonn seo le scileanna sóisialta agus cumarsáide a fhorbairt, rudaí a chothaíonn féin-mhuinín.
Arís níl teora leis na himeachtaí gur féidir eagrú ach an áisitheoir agus an taithí a bheith ar fáil go háitiúil, imeachtaí ar nós …
- Smideadh, Club Ceoil, Gruaigaireacht, Caitheadh Saighead, Jíveáil, Ealaíon, Damhsa ar an Sean-Nós, Iascaireacht, Péinteáil Aghaidhe, Ceardlann Snaidhmeanna srl.
Má tá déagóirí sa teach agaibh ná bíodh aon mhoill ná drogall oraibh scéal a chur chugainn anseo nó bí ag caint le duine d’ár nOifigigh Forbartha.
