Is muide an chéad ghlúin eile
Ceardlann réamhbhreithe í seo a thugann cúnamh do lánúineacha sna roghanna éagsúla atá le déanamh acu agus iad ag súil le leanbh.
Ceardlann réamhbhreithe í seo a thugann cúnamh do lánúineacha sna roghanna éagsúla atá le déanamh acu agus iad ag súil le leanbh.
Cairde agus comhluadar ag caint is ag cogarnaíl os íseal, suite siar ag tnúth is ag feithimh don Cinema Gaelach, lán de scéalta, eachtraí, beogacht agus drámaíocht beo bríomhar ag preabadh amach ón scaláin mór!
Tacaíocht rialta do thuismitheoirí, agus a gcuid páistí, ar mhaith leo níos mó Gaeilge a fhoghlaim agus a úsáid.
Seo clár dírithe ar theaghlaigh atá ag tógaint a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht, atá lán d’imeachtaí spraíúla sóisialta a chothaíonn cairdeas idir teaghlaigh áitiúla.
Mol óige agus tiocfaidh sí, agus cúige sin cuirimid imeachtaí sainspéise ar fáil do ghrúpaí dhéagóirí dírithe ar a gcuid spéiseanna féinigh.
Ní fada go mbíonn an samhradh curtha dínn ach go dtosaíonn an Clár Ealaín Béil, clár a thugann tacaíocht do theaghlaigh cabhrú lena gcuid paistí agus déagóirí óga a ullmhú don Oireachtas.
Teacht le chéile sóisialta do thuismitheoirí agus leanaí réamhscoile 0-4 bliana d’aois, áit a mbíonn deis ag leanaí spraoi lena chéile trí Ghaeilge.
Cuirimid Pacáiste Tacaíochta Teanga (PTT) ar fáil do theaghlaigh Gaeltachta, agus páistí faoi bhun 5 bliana d’aois, atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile. Is féidir sin a dhéanamh anseo.
Ceardlanna spraíúla don teaghlach san ealaín, cócaireacht, scéalaíocht, spórt agus spraoi. Ó am go chéile bíonn tóraíochtaí, ceardaíocht, siúlóidí coille, picnicí cois trá, siúlóidí dúlra agus neart neart eile.
Ócáid neamh-fhoirmeálta í seo do thuismitheoirí chun eolas a fháil ar ár gcuid imeachtaí agus seirbhísí teaghlaigh, agus braon tae ina nglac acu.
Sraith ceardlann spraíúil do thuismitheoirí agus leanaí 0-2 bhliain d’aois chun céadfaí an linbh a mhúscailt, ag díriú ar an leanbh féin agus forbairt nádúrtha an linbh.
Clár forbartha óige do scoláirí idirbhliana in iar-bhunscoileanna Gaeltachta é Teacht in Inmhe a dhíríonn ar an ngaol idir pobal, éiceolaíocht agus teanga a fhiosrú agus a iniúchadh.