Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Cuideachta

Is muide an chéad ghlúin eile

Seo clár dírithe ar theaghlaigh atá ag tógaint a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht, atá lán d’imeachtaí spraíúla sóisialta a chothaíonn cairdeas idir teaghlaigh áitiúla. 

Tugann seo aitheantas faoi leith do na teaghlaigh sin gur spéis leo a gclann a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht.  

Láidríonn an clár an gréasán áitiúil do thuismitheoirí gur mhian leo Gaeilge a úsáid lena gcuid páistí agus le teaghlaigh eile.  

Bíonn Cuideachta éagsúil ó cheantar go ceantar agus ó Ghaeltacht go Gaeltacht, bunaithe ar éileamh na dteaghlach, de réir aoise nó spéise, páistí réamhscoile nó bunscoile, nó orthu siúd gur spéis leo garraíodóireacht nó ceol, nó meascán imeachtaí.  

Cuirtear pacáistí ar fáil do na teaghlaigh a thagann chuig imeachtaí Cuideachta, pacáistí ina mbíonn roinnt leabhar agus ábhar a bhaineann leis an imeacht.   

Ag ‘Cuideacht ar an Trá’ mar shampla, cuirtear pacáiste ar fáil ina mbíonn a leithéidí friosbaí, liathróid, pluid trá mar aon le leabhair ar scéalta cois trá. 

Bíonn suas le 20 teaghlach i ngach grúpa Cuideachta agus de ghnáth bíonn sé imeacht in aghaidh na bliana acu. 

Cuirtear Cuideachta ar fáil chun comhluadar agus tacaíocht shóisialta a chur ar fáil do theaghlaigh agus deis a thabhairt dóibh a bheith páirteach i ngréasán áitiúil de theaghlaigh Gaeltachta agus tairbhe a bhaint as na buntáistí sin.  

I gcás tuismitheoirí atá ar bheagán Gaeilge, cuirtear Comhrá Teaghlaigh ar fáil dóibh – bí ag caint linn anseo