+353 (0)91 869571
+353 (0)87 376 2941
+353 (0)74 953 2640

Tacaíocht rialta do thuismitheoirí, agus a gcuid páistí, ar mhaith leo níos mó Gaeilge a fhoghlaim agus a úsáid.
Is grúpa sóisialta é seo a thugann deis do thuismitheoirí Gaeilge a fhoghlaim bunaithe ar ghnáth caint agus comhrá lena gcuid páistí, agus le tuismitheoirí eile.
Cuirtear béim ar úsáid na Gaeilge idir tuismitheoirí agus a gcuid páistí le comhrá, rannta, amhráin shimplí, leabhair a léamh agus roinnt saor spraoi.
Bíonn áisitheoir ar an láthair chun tacú le tuismitheoirí agus a gcuid páistí.
Is féidir le tuismitheoirí roinnt nósanna a chothú agus leabhar Gaeilge a thabhairt abhaile leo chun chabhar leo chun níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile.
Ní fhoghlaimítear teanga thar oíche – bíonn rudaí maithe mall, agus is fearr go mór seans a thabhairt duit féin dul i dtaithí ar úsáid na Gaeilge de réir a chéile.

Cuirtear leabhair, bréagáin agus cluichí boird ar fáil mar aon le braon tae, agus eolas ar thacaíochtaí teanga ar-líne srl.
Cabhróidh seo le teaghlaigh páirt ghníomhach a ghlacadh sa phobal áitiúil agus sa scolaíocht Ghaeltachta.
