Léiríonn Taighde Teaghlaigh a foilsíodh ar an 29 Iúil 2021 gur 2,889 teaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht.
Is ionann an méid sin agus 23% den líon iomlán 12,586 teaghlach atá ina gcónaí sa Ghaeltacht. An Phríomh-Oifig Staidrimh a chuir na figiúirí seo ar fáil go heisiach don taighde, ó Dhaonáireamh 2016, chun léiriú a thabhairt ar líon na dteaghlach sna 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil.
Léirítear sa taighde céanna go labhraíonn 16% de pháistí agus daoine óga faoi 18 sa Ghaeltacht, Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Sin 4,090 den líon iomlán 25,207 páiste agus duine óg atá ina gcónaí sa Ghaeltacht.