Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Ní haon joc é leanaí a thógaint!

Ag rith is ag ráis, siar ‘s aniar ó dhubh go dubh. Is iomaí bean i mbun tí, sláinte a cuid leanaí, ina cócaire ‘extraordinaire’, ina tiománaí tacsaí agus fiche rud eile.

Deineann na fearaibh a gcuid féin leis, obair dhifriúil, ar scála eile b’fhéidir, ach bíonn ról chomh tábhachtach céanna acu beirt i múnlú agus tógaint a gcuid leanaí.  Tógadh mise i mBleá’ Cliath i dteannta seisear eile. B’as Chorcaigh do mo mháthair agus Yorkshire mo dhaid. Thógadar cinneadh neamh-ghnáthach ag an am, sé sin go mbeadh an rogha againn Béarla nó Gaelainn a labhairt.

I ngan fhios dom, thugadar eochair dom ar thaisce luachmhar chultúr agus oidhreacht na hÉireann.

Tugadh oideachas trí Ghaelainn dúinn, agus thugamar an dá theanga linn ag a’ baile, Mam ag cabhrú leis an obair bhaile agus Daid á mo spreagadh chun greim a choimeád ar na maidí agus an Ghaelainn a thabhairt liom sa saol.

Tá dearcadh níos sláintiúla ag bailiú nirt mórthimpeall na tíre anois – comharthaí dhátheangacha ag dul in airde sna Sé Chontae, líon Gaelscoileanna ag dul i méid, ‘gnáth scoil naisiúnta’ i gCill Orglan ag iompú ina Ghaelscoil, Rúisigh ag labhairt Gaelainne agus leanaí á dtógaint le Gaelainn i Meiriceá.

Sa Ghaeltacht tá súnámaí an Bhéarla chugainn i gcónaí, ach ainneoin sin tá tobar na teangan fós againn. B’fhéidir go bhfuil sé íseal ach níl sé tráite ar fad. Tá an Ghaelainn againn leis na mílte bliain, is cuid dínn í, cuid luachmhar. Bainimís leas as an tobar, an Ghaelainn a thabhairt abhaile linn, thar leach a’ dorais agus síos go tóin an tí go dtí an tinteán féin.

Tugann úsáid na Gaelainne ag a’ baile tús iontach do leanaí ag dul isteach sa naíonra agus sa bhunscoil. Cothaíonn sé aighne oscailte agus tuiscint níos doimhne ar phobail éagsúla agus ar a gcuid teangacha is cultúir.

De réir a chéile a thagann misneach, féinmhuinín agus féiniúlacht Gaeltachta, tréithe a sheasfaidh lenar gcuid leanaí, agus tugann labhairt is líofacht na Gaelainne deiseanna fostaíochta breise dóibh, rud nach raibh ann nuair a bhíomarna óg.

X