Ní bréag ar bith a rá gur tasc dúshlánach é ceangal na
mbróg do go leor páistí ach ní gá dó a bheith má éiríonn siad cleachtach leis
an gcoincheap tré imirt agus spraoi.
Seo a leanas atá uait: Bosca uibheacha, pollaire, dhá
iall nó dhá bharriall. Is fearr iallacha de dhathanna difriúla a úsáid.
Seo cleachtadh iontach maith do scileanna mínluaileacha
an pháiste le comhordú lámh is súl agus tuiscint faoi dheas agus clé. Ceangail
na hiallacha le chéile ar thaobh amháin agus lig don pháiste an iall a chur
fríd na poill do dea-chleachtas. Roimh i bhfad tuigfidh siad isteach agus
amach, anonn agus anall, ó dheas go clé agus mar sin de. Tiocfaidh ceangal na
n-iallacha i bhfad níos éasca dá bharr!!