
Gleann Cholm Cille, Dún an nGall
Ag tóraíocht i gGleann Cholm Cille, Contae Dhún na nGall le déanaí. Sliabh Liag, caoirigh ag méileach, caonach ar na carraige, Caróg Dhubh agus neart
+353 (0)91 869571
+353 (0)87 376 2941
+353 (0)74 953 2640
Tá breis agus 200 teaghlach cláraithe do Thóraíocht Taisce don Teaghlach i mbliana, léiriú ar an tsuim ollmhór atá ag tuismitheoirí agus a gclann sa dúlra agus sa timpeallacht. Daoibhse nár chláraigh in am don phacáiste tóraíochta, is féidir páirt a ghlacadh linn fós.
Cuirfear na Tóraíochtaí Taisce ar fad – Liostaí den fhiadhúlra, Grianghraf, Ainm an Teaghlaigh agus Ainm na háite in airde ar an suíomh anseo, idir seo agus an 12 Meitheamh 2021, deis daoibhse dúlra agus áilleacht bhur gceantar féin a chur os comhair an domhain mhóir!
Agus is féidir páirt dhíreach a ghlacadh sa cheiliúradh ar an 12 Meitheamh 2021 tráth a bheidh óige na hÉireann ag ceiliúradh Cruinniú na nÓg, ach bhur gcuid tóraíochtaí féin a roinnt ar na meáin shóisialta le #TóraíochtTaisce agus #Cruinniunanog
Bainigí súp agus pléisiúr as ár dtaiscí galánta áitiúla, ach ná fág bhur lorg orthu!
Ag tóraíocht i gGleann Cholm Cille, Contae Dhún na nGall le déanaí. Sliabh Liag, caoirigh ag méileach, caonach ar na carraige, Caróg Dhubh agus neart
Tóraíocht aoibhinn tríd na cnoic ar Bhealach Oisín, Uíbh Ráthach, Contae Chiarraí. Aiteann buí, fraoch, crainn fearnóg agus seiceamair, meantáin, pocaire gaoithe agus sruthán. Sna
Tóraíocht Taisce ar an trá ag Mainistir na Croise in Iorras, Contae Mhaigh Eo. Feamainn bhoilgíneach, sliogáin, smugairle róin, Mainistir na Croise agus lnis Gluaire. De