Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Bileoga Spraoi

An Lon Dubh & an Chéirseach

Dubh uilig le gob geal buí atá an Lon Dubh. Donn atá an Chéirseach [an ceann baineann] agus a hucht breac donnrua. Bíonn fáinní buí ag an bheirt acu thart ar a gcuid súl. Maireann siad sa gharradh, amuigh faoin tír agus sna bailte. Bígí ag éisteacht go gcluinfidh sibh an Lon Dubh, bíonn ceol galánta acu ó thús an earraigh go deireadh an tsamhraidh.

Léigh Níos mó »

An Spideog

Éan beag caradach atá sa Spideog a bhfuil dath geal rua ar a brollach agus í lán de cheol binn. Ní bhíonn eagla ar bith uirthi roimh dhaoine agus is minic í ar na gaobhair i rith na Nollag agus san earrach nuair a bíos daoine ag tochailt nó ag cur prátaí. Deirtear go mbíonn droch-ádh ag baint léi má thig Spideog isteach sa teach chugat, seachas i mí na Samhna, tráth a mbíonn muid ag cuimhneadh ar na mairbh.

Léigh Níos mó »

An Puifín

Éan farraige atá sa Phuifín a bhfuil gob mór liath air a dtig dathannaí geala, láidre air san earrach. Bíonn sé beo ar bhia farraige. Tá snámh iontach maith aige — thig leis dul 60m síos faoin uisce — agus tá eitilt ar dóigh aige fosta — suas le 88km san uair! Thig sé i dtír ag deireadh mhí an Mhárta le nead a thógáil. Bíonn na céadtaí acu le feiceáil achan bhliain ag Corrán Binne agus ar Oileán Thoraí.

Léigh Níos mó »

An Caisearbhán Buí

Nach é an Caisearbhán atá galánta, bláth buí órga ina sheasamh go maorga sa gharradh. Nuair a imíonn an bláth den Chaisearbhán thig gas a bhfuil bál mór clúmhach ar a bharr, a scaipeann an ghaoth ar fud an gharraidh. Bhíodh meas ar an Chaisearbhán ariamh anall mar leigheas ar ghoile tinn agus ar ghalar ae. Níthear é a bhruith mar a dhéanfaí le tae, fágtar ag tarraingt é agus cuirtear spúnóg mheala ann leis an tsearbhas a bhaint as. Bheirtear Gas Searbháin air fosta.

Léigh Níos mó »

An Lus Mór

Is beag radharc atá níos spleodraí ná an Lus Mór faoi bhláth. Gas fada cúpla troigh ar airde atá ann a bhfuil clibín de bhláthannaí breátha corcra ar a bharr agus cruth méaracáin orthu. Tá go leor ainmneacha eile ar an Lus Mór, ina measc: Méara na bPúcaí, Méaracáin Sí, Méaracáin na mBan Sí, Méiríní Púcaí agus Méiríní Táilliúra. Tá dúil bhreá ag páistí agus ag na beachógaí sa Lus Mór agus ina chuid méaracán, ach ná cuireadh siad isteach ar an tslua sí!

Léigh Níos mó »

Duáinín an tSeanchais

Ní mó ná go dtabharfá fá dear ‘an bláth beag galánta seo, Duáinín an tSeanchais, sa gharradh. Bíonn sé neadaithe san fhéar agus cloigeann corcra ar ghas beag. Má ligtear coirnéal sa gharradh ‘un fiántais, seans maith go bhfásfaidh Duáinín an tSeanchais i ndiaidh bliana nó dhó. Bheirtear an Duán Ceannchosach, an Coinnleoir agus an Ceannbhán Beag air chomh maith.

Léigh Níos mó »

An Madadh Uisce

Ní rómhinic a tchífeá an Madadh Uisce nó an Dobharchú. Maireann cuid acu sna haibhneacha ach is ins an fharraige a bíos cónaí ar an chuid is mó acu. Tá cluasa beaga agus locaí orthu agus tá siad thar a bheith maith ag snámh. Tá goile breá acu agus caitheann siad cuid mhaith den lá ag sa tóir ar bhia. Amanta codlaíonn siad ar a ndroim agus greim acu ar chuid lapaí a chéile.

Léigh Níos mó »

An Giorria

Más láidir do ghéag agus lúfar do léim, chaithfeá a bheith breá gasta le greim a fháil ar an ghiorria. Ritheann an t-ainmhí sléibhe seo ar luas lasrach — suas le 70km san uair! Bhí pictiúr den ghiorria ar an bhonn trí pingine i seanairgead na hÉireann. Ba ghnáth sa tsean am, paiste beag talaimh sa pháirc a fhágáil fiáin don dúlra — bhéarthaí coirnéal an ghiorria air.

Léigh Níos mó »

An Madadh Rua

Ainmhí oíche de ghnáth atá sa Mhadadh Rua. Amanta chluinfeá a sceamhlach [nó cá bhfhios nach bean sí ag caoineadh a bíos ann!] Ní bhíonn sé iontach mór, tá sé mar a bheadh madadh beag ann, é go h-iomlán rua óna shoc go dtí an ruball nó an scoth. Tá trácht ar an Mhadadh Rua i gcuid mhaith scéaltaí, logainmneacha agus amhráin — go h-áirid san amhrán An Maidrín Rua.

Léigh Níos mó »

Bóín Dé

Rud iontach atá ann Bóíní Dé nó Bóíní Samhraidh a fheiceáil. Ciarógaí beaga gleoite atá iontu a bhfuil spotaí dubha ar a ndroim dearg. Shílfeá go mbíonn siad ina gcodladh i gcónaí, iad ina suí ansin ar dhuilleog nó ar mhaide adhmaid gan smid astu. Ansin i dtobainne eitlíonn siad leo agus a sciatháin in airde. Bhainfeadh siad preab bheag asat. Itheann siad thart fá 5,000 míoltóg sa lá … neam, neam neam!

Léigh Níos mó »

An Feileacán

Is iomaí ainm a bheirtear ar an fheithid bheag ghalánta seo i nGaeilg … Feileacán, Féileacán, Feidhleacán, Peidhleacán agus Péileacán, ach is mó i bhfad an méid cineálacha feileacán atá le fáil ar fud an domhain mhóir — 180,000 cineál an gcreidfeá! Ag tús a saoil théid an chruimh a chodladh tamall i gcochall beag síoda. I ndiaidh seachtain nó dhó éiríonn iontas mór amach as an
chochall — Feileacán galánta ag imeacht leis san aer.

Léigh Níos mó »

An Dreoilín Teaspaigh

Is cinnte go bhfuil cnagaireacht an Dreoilín Teaspaigh nó an Chriocair cluinte agaibh, clic-cleaic gan stad gan staonadh ón chlaí … ach cá h-áit a mbíonn sé? Bíonn sé iontach doiligh an Dreoilín Teaspaigh a fheiceáil agus má théid tú róchóngarach dó, stadann sé — breast é! Ach, má fhanann tú socair, suaimhneach, ciúin agus má bhíonn tú foighdeach, tchífidh tú é, ar a sháimhín só, i mbun ceoil lena chosa san fhéar fhada.

Léigh Níos mó »

An Domhan faoi Thoinn

Níl a fhios ag duine ar bith cad é mar atá an saol faoin fharraige sa domhan mór faoi thoinn. Nach anseo a mhaireann Manannán Mac Lir é féin — Dia na Mara! Áit atá fuar, fliuch agus ciúin ach lán d’iontaisí an tsaoil. Tá foraoisí móra feamnaí san fharraige, beo le murlais, fíogaigh, eascaí, cuáin mhara agus tá Donncha na Súl Mór ann ag coimhéad achan rud thart fá dtaobh de.

Léigh Níos mó »

Cois Farraige

Níl deireadh ar bith le hiontaisí na farraige ná na trá. Lán sliogáin, éanacha mara, róntaí, portáin, feamnach agus neart eile. Nach bhfuil sé ar fheabhas cuairt a thabhairt ar an tráigh — an ghaoth i d,aghaidh, tuaim na farraige i do chluasa agus saoirse agat le dul ag súgradh is ag spaisteoireacht. An dtig leat cuid ar bith de na hiontaisí ar an bhileog spraoi seo a aimsiú?

Léigh Níos mó »

Ar chraiceann na mara

Nach deas é radharc na mara! Glór na dtonn ag briseadh ar na creagacha agus ar an tráigh. Radharc leathan fairsing go bun na spéire. Agus má bhíonn an t-ádh ort b’fhéidir go bhfeicfeá Rón ag snámh, a chloigeann os cionn uisce, é ag amharc ort go fiosrach. Agus má bhíonn an t-ádh dearg ort, b’fhéidir go bhfaighfeá radharc ar Liamhán millteanach mór!

Léigh Níos mó »
X