
An Lon Dubh & an Chéirseach
Dubh ar fad le gob buí atá an Lon Dubh. Donn atá an Chéirseach [an cailín] agus ucht breac donn-rua uirthi. Bíonn fáinní buí timpeall ar shúile an dá éan. Maireann siad sa ngarraí, faoin tuath agus sna bailte. Cuirigí cluais le héisteacht oraibh fhéin ach an gcloisfidh sibh an Lon Dubh — bíonn ceol aoibhinn acu ó thús an earraigh go deireadh an tsamhraidh.