Tuairisc

Tuairisc Seirbhís nuachta ar-líne do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, in Éirinn agus ar fud an domhain.
Teanglann

Teanglann Tá 3 fhoclóir ar fáil anseo chomh maith le tacaíochtaí le gramadach agus le foghraíochta.
Raidió na Gaeltachta

Raidió na Gaeltachta Seirbhís raidió den scoth dírithe ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, in Éirinn agus ar fud an domhain.
Ranganna Gaeilge

Ranganna Gaeilge Is féidir ceadúnas trí mhí a cheannach don chúrsa Gaeilge gan Stró a fháil anseo, chomh maith le do leibhéal Gaeilge.
Gaschaint

Gaschaint Tá frásaí Gaeilge ar fáil anseo a chabhróidh le tuismitheoirí Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí. Is féidir na frásaí a léamh agus éisteacht leo.
Duolingo

Duolingo Is slí spraoiúil í seo chun Gaeilge a fhoghlaim ar an bhfón. Is féidir an aip a íoslódáil saor in aisce.
TG4

TG4 Cainéal teilifíse é TG4 atá ag craoladh cláracha Gaeilge ó 1996 i leith. Seo é an nasc go dtí an seinnteoir, áit a gheofá réimse leathan cláracha idir chúrsaí reatha, shiamsaíocht agus spórt.
Imeachtaí

Imeachtaí Imeachtaí do theaghlaigh Gaeltachta ó Oileán Toraigh go Rinn Ó gCuanach, a leithéidí… Cuideachta do Theaghlaigh, Gligíní do thuismitheoirí & leanaí, Suathaireacht Leanaí, Bugaí Beoga agus Siamsáin.
Cula4

Tá cláracha teilifíse agus cartúin Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil anseo do leanaí agus do pháistí óga. Cula4
Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht.

Léiríonn Taighde Teaghlaigh a foilsíodh ar an 29 Iúil 2021 gur 2,889 teaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht. Is ionann an méid sin agus 23% den líon iomlán 12,586 teaghlach atá ina gcónaí sa Ghaeltacht. An Phríomh-Oifig Staidrimh a chuir na figiúirí seo ar fáil go heisiach don taighde, ó Dhaonáireamh 2016, […]
Spaisteoireacht Samhraidh

Bígí ag spaisteoireacht linn ar na Siúlóidí Gaeltachta is fearr libhse agus roinnigí bhur gcuid radharcanna linn ar Whatsapp (087) 246 1685 roimh Luan an 16 Lúnasa 2021. Tá hataí nua Thuismitheoirí na Gaeltachta le buachan! Uaslódáil pictiúr le dathú
Ceangal na mBróg

Ní bréag ar bith a rá gur tasc dúshlánach é ceangal na mbróg do go leor páistí ach ní gá dó a bheith má éiríonn siad cleachtach leis an gcoincheap tré imirt agus spraoi. Seo a leanas atá uait: Bosca uibheacha, pollaire, dhá iall nó dhá bharriall. Is fearr iallacha de dhathanna difriúla a úsáid. […]
Éist le Scéal

Éist le Scéal Sraith ghleoite scéalta le cloisint ANSEO a chabhróidh go mór le páistí feabhas a chur ar a gcuid léitheoireachta. Cuireann scéalaithe éagsúla na scéalta ina mbeatha don éisteoir óg, ina measc Gabriel Rosenstock, Máire Breathnach, MacDara Ó Conaola agus Mícheál Ó hUanacháin. I measc na scéalta tá Cití sa Gheimhreadh, Oíche na Stoirme, An Sionnach […]
Gaeilge do Thuismitheoirí

Gaeilge do Thuismitheoirí https://irishforparents.ie/resources-for-parents/ Acmhainní do thuismitheoirí le páistí ag fáil oideachas lán-Ghaeilge.
Suirbhé ar Sheirbhísí Teaghlaigh sa Ghaeltacht

Seo an chéad mhór-shuirbhé náisiúnta Gaeltachta ar sheirbhísí teaghlaigh agus tá an-áthas ar Thuismitheoirí na
Gaeltachta (TnaG) na torthaí a chur i láthair an phobail.