Cúige Chonnacht / Laighean

+353 (0)91 869571

Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Bileoga Spraoi

An Lon Dubh & an Chéirseach

Dubh ar fad le gob geal buí atá an Lon Dubh. Donn atá an Chéirseach (an cailín) le h-ucht breac donn-rua. Bíonn fáinní buí acu beirt timpeall ar a gcuid súile. Maireann siad sa ghairdín, faoin tuath agus sna bailte. Cuirigí cluas le héisteacht oraibh don Lon Dubh, bíonn ceol aoibhinn acu ó thús an Earraigh go deireadh an tSamhraidh.

Léigh Níos mó »

An Spideog

Éinín beag cairdiúil í an Spideog, le dath geal rua chun tosaigh agus í lán de cheol aoibhinn. Ní bhíonn puinn eagla uirthi roimh dhaoine agus is minic an Spideog in aice láimhe i rith na Nollag agus san Earrach ach daoine ag tochailt nó ag cur prátaí.

Léigh Níos mó »

An Fuipín

Éan farraige é an Fuipín le gob mór groí liath a thógann dathanna spleodrach ar féin san Earrach. Maireann sé ar éisc farraige. Táid go hiontach ar fad ag snámh — ag dul 60m síos fén uisce agus dochreidthe ag eitilt — suas le 88km san uair! Tagann siad i dtír ag deireadh Mhárta chun nead a thógaint.

Léigh Níos mó »

An Caisearbhán Buí

Nach álainn é an Caisearbhán, bláth buí órga ina sheasamh go maorga sa ghairdín. Nuair a fheochann an bláth athraíonn sé go liathróid mhór chlúmhach agus imíonn ag eitilt ar an ngaoth. Tá meas riamh ar an gCaisearbhán mar leigheas ar easpa goile agus ae-ghalar. Deintear é a tharrac’, ar nós tae, le spíonóg meala chun an searbhas a bhaint as. Glaotar Caistreabhán agus Gas Searbháin air leis.

Léigh Níos mó »

An Lus Mór

Is beag radharc atá níos spleodraí ná An Lus Mór fé bhláth. Crobhaing fhada de bhláthanna breátha cúpla troigh ar airde. Corcra de ghnáth ach sa lá atá inniubh ann bíonn dathanna eile orthu leis. Is mó ainm ar an Lus Mór, ina measc Méaranta na bPúcaí, Méaracáin Sí, Méaracáin na mBan Sí, Méiríní Púcaí agus Méiríní Tailliúra. Is breá le leanaí óga an Lus Mór agus a chuid méaracán, ach ná cuirig isteach ar an slua sí!

Léigh Níos mó »

Duáinín an tSeanchais

Ní thógfá aon cheann don mbláth beag álainn seo sa ghairdín. Neadaithe sa bhféar bíonn sé fé bhláth ó Mheitheamh go Deireadh Fómhair, le ceann corcra nó bán ar ghas beag. Má fhágtar cúinne sa ghairdín fiáin gach seans go dtiocfaidh Duáinín an tSeanchais chun cinn an bhliain ina dhiaidh sin. Tugtar Duán Ceannchosach, Coinnleoir agus Ceannbhán Beag air chomh maith.

Léigh Níos mó »

An Dobharchú

Ní rómhinic a chífeá an Dobharchú nó an Madra Uisce. Maireann cuid acu sna haibhnte ach an chuid is mó acu sa bhfarraige. Bíonn cluasa beaga is féasóg leicinn orthu agus iad ana-láidir ag snámh. Tá goile breá folláin acu agus caitheann siad cuid mhaith den lá ar thóir bídh. Uaireanta codlaíonn siad ar a ndroim agus greim acu ar lapaí a chéile.

Léigh Níos mó »

An Giorria

Más láidir do ghéag agus luafar do léim ní mór duit a bheith breá tapaidh chun teacht suas leis an nGiorria. Ritheann an t-ainmhí sléibhe seo ar luas lasrach — suas le 70km san uair! Ar sheanairgead na hÉireann, is ar an Leathréal a bhí an Giorria. Go traidisiúnta d’fhágtaí píosa beag talún sa ghort fiáin don dúlra — thugtaí Cúinne an Ghiorria air.

Léigh Níos mó »

An Madra Rua

Ainmhí oíche is mó is ea an Madra Rua. Uaireanta chloisfeá a scréach nó b’fhéidir gur bean sí a bhíonn ann! Nílid ana-mhór, mar a bheadh madra beag, é iomlán rua óna shoc go heireaball nó scoth sionnaigh. Thiocfá ar an sionnach i scéalta, logainmneacha, ceol agus gan dabht san amhrán An Maidrín Rua.

Léigh Níos mó »

An Bhóín Dé

Ana-rud is ea é Bóíní Dé nó Bóíní Samhraidh a fheiscint. Ciaróga beaga gleoite le spotaí dubha ar dhroim dearg. Cheapfá go rabhadar ina gcodladh, iad suite ansan ar dhuilleog nó maide adhmaid gan aon bhogadh. Go tobann eitlíonn siad leo, lena sciatháin in airde. Bhainfidís preab beag asat nach mór. Itheann siad suas le 5,000 corramhíol is ló … neam, neam neam!

Léigh Níos mó »

An Peidhleacán

Is mó ainm ar an bhfeithid bheag álainn seo … Féileacán, Feidhleacán, Peidhleacán agus Peilleacán, ach is mó ar fad na saghsanna féileacán atá mórthimpeall an domhain — 180,000 saghas éagsúil ambaiste! Siobháinín an Chlúimh ag tús a saoil, téann an chruimh a chodladh tamall i bpaca beag. Tréis seachtain nó dhó éiríonn mór-iontas as an bpaca, Peidhleacán álainn
aoibhinn ag imeacht léithi ar an ngaoth.

Léigh Níos mó »

An Dreoilín Teaspaigh

Tá cnagaireacht an Dreoilín Teaspaigh cloiste agaibh, clic-cleaic gan stad gan staonadh ón gclaí … ach cá mbíonn sé? Bíonn sé chomh deacair an Dreoilín Teaspaigh a fheiscint agus má théann tú róghairid dó, stopann sé — an diabhal dearg air! Ach, má fhantar socair suaimhneach ciúin agus má bhítear foighneach, chífear é, ag ceol lena chosa sa bhféar fada, sona sásta leis féin.

Léigh Níos mó »

An Domhan Fothoinn

N’fheadair éinne conas mar a bhíonn an saol fén bhfarraige sa domhan fothoinn. Nach anso a mhaireann Manannán Mac Lir é féin — Dia na Mara! Áit atá fuar, fliuch agus ciúin ach lán d’iontaisí an tsaoil. Tá foraoiseacha móra feamainne sa bhfarraige, beo le maicréil, fíogaigh, eascanna, cuáin mhara agus Donncha na Súl Mór ann ag faire ar gach ní mórthimpeall air.

Léigh Níos mó »

Cois Farraige

Níl aon deireadh le hiontaisí na farraige ná na trá. Lán de shliogáin, éin mhara, rónta, portáin, feamnach agus neart eile. Nach aoibhinn é cuairt a thabhairt ar an dtráigh — an ghaoth i d’aghaidh, glór na mara agus saoirse chun dul ag súgradh is ag tóraíocht. Féach an féidir leat aon chuid de na hiontaisí ar an mbileog spraoi seo a aimsiú.

Léigh Níos mó »

Ar chroiceann na farraige

Nach deas an feic í radharc na mara. Glór na dtonn ag briseadh ar na carraigeacha nó ar an dtráigh. Radharc leathan fairsing
go fíor na spéire. Agus má tá seans leat b’fhéidir go gcífeá Rón ag snámh, a cheann os cionn chroiceann na farraige, é ag féachaint ort go fiosrach. Agus má bhíonn an t-ádh dearg ort, b’fhéidir go bhfaighfeá radharc ar Ainmhí na Seolta!

Léigh Níos mó »
X