Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Bualadh Bos

Is muide an chéad ghlúin eile

Sraith ceardlann spraíúil do thuismitheoirí agus leanaí 0-2 bhliain d’aois chun céadfaí an linbh a mhúscailt, ag díriú ar an leanbh féin agus forbairt nádúrtha an linbh. 

Déanfar obair sna 5 seisiún ar na céadfaí éagsúla idir radharc, éisteacht, blas, boladh agus tadhaill nó teagmháil, le gníomhaíochtaí spraíúla agus suaimhneacha chun muinín an linbh a chothú.  

Cabhróidh an cúrsa le scileanna teanga a fhorbairt ag baint úsáide as rannta, amhráin agus ceol, foclóir an tuismitheora agus céad fhocail an linbh. 

I measc na scileanna comhordaithe agus luaileacha déanfar forbairt ar lámhacán, breith ar bhréagáin, suí nó seasamh as a stuaim féin agus muinín an linbh a láidriú dé réir. 

Beidh deiseanna ag tuismitheoirí an caidreamh lena leanaí a chothú, le gníomhaíochtaí beaga suathaireachta, am ar an mbolg, gluaiseachtaí coirp gan trácht ar spraoi, gáire agus sásamh a bhaint as comhluadar a chéile. 

Cruthófar deiseanna do thuismitheoirí tacú lena chéile, smaointe a roinnt agus cúnamh a thabhairt dá bpáistí scileanna tábhachtacha a fhorbairt. 

Comhluadar a chur ar fáil do na páistí féin agus tús a chur leis an sóisialú rud a neartaíonn forbairt shóisialta agus mhothúchánach an pháiste. 

Fáilteofar roimh ábhar do pháistí faoi mhíchumas agus/nó a bhfuil riachtanais bhreise acu.