An Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh
Tá an pacáiste tacaíochta teaghlaigh ar fáil saor in aisce do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó atá ag iarraidh é sin a dhéanamh.
Tá an pacáiste dírithe ar theaghlaigh a bhfuil páiste/páistí acu faoi 5 bhliana d’aois. Seolfar pacáiste speisialta chuig gach teaghlach sa chanúint a bhíonn á chleachtadh acu sa mbaile idir chanúint na Mumhan, Uladh nó Connacht. Seolfar dlúthcheirnín, leabhar tagartha agus leabhair léitheoireachta oiriúnacha chuig na teaghlaigh a dhéanfaidh iarratas ar an bpacáiste chomh maith le heolas cuí.
Chun an t-ábhar is oiriúnaí agus is féidir a chur ar fáil chuaigh muid i gcomhar le heagraíochtaí éagsúla, ina measc Gaeloideachas, Cúla 4 agus Údarás na Gaeltachta faoi na buntáistí a bhíonn ann do pháiste a thógáil le Gaeilge.
Ach a gcláraíonn na tuismitheoirí don phacáiste bíonn rogha acu freisin clárú do liosta teagmhála chun nuachtlitir agus eolas eile a fháil ó Thuismitheoirí na Gaeltachta. Tá sé i gceist againn eolas a roinnt go leanúnach faoi nithe éagsúla a bhaineann le tógáil clainne trí Ghaeilge chomh maith le heolas ábhartha eile m.sh leabhair Ghaeilge nuafhoilsithe. Roinntear eolas úsáideach freisin ar ríomhphost chuig aon tuismitheoir a lorgaíonn comhairle uainn, cibé áit ar domhan ina bhfuil siad ina gcónaí.
Foirm Iarratais
Ceisteanna Coitianta
Is pacáiste teanga é a chuirtear ar fáil saor in aisce do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh.
Líon isteach an fhoirm thíos. Clárófar do chuid sonraí agus seolfar an pacáiste amach chugat chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin.
Bíonn dlúthcheirnín, leabhar tagartha agus leabhair léitheoireachta oiriúnacha san áireamh sa phacáiste chomh maith le heolas úsáideach i bhfoirm leabhráin do thuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge. Athraíonn an t-ábhar ó am go ham.
Is iontach an leas is féidir a bhaint as leabhair agus as dlúthdhioscaí chun an Ghaeilge a úsáid sa mbaile mar theanga labhartha sula dtéann na páistí ar scoil. Más Gaeilge a úsáideann tú sa mbaile cothóidh sé grá do léamh na Gaeilge agus deis dóibh sult a bhaint as na scéalta agus treiseoidh sé an caidreamh idir an tuismitheoir agus an leanbh mar nach bhfuil rud ar bith níos deise ná bheith ag léamh i gcomhluadar a chéile.
Más tuismitheoir thú atá ag iarraidh níos mó Gaeilge a labhairt sa mbaile, is deis é chun grá don Ghaeilge a chothú mar theanga bheo seachas mar ábhar scoile.
Bíonn deis ag tuismitheoirí sásamh a bhaint as a bheith ag léamh lena bpáistí agus eolas a chur ar fhocail/frasaí/ téarmaí nua nó cur lena stór focal.
Is féidir le tuismitheoirí/caomhnóirí ó cheann ceann na tíre a bhfuil páistí acu faoi 5 bhliana d’aois iarratas a dhéanamh ar an bpacáiste. Tá sé mar aidhm leis an bpacáiste teaghlaigh a spreagadh le bheith ag labhairt agus ag léamh na teanga sa mbaile.
Níl. Is é tuismitheoir/caomhnóir an pháiste a dhéanann an t-iarratas.
Níl. Tá an scéim seo dírithe ar thuismitheoirí/caomhnóirí a bhfuil gasúir réamhscoile acu faoi 5 bhliana d’aois.
Tá gach teaghlach i dteideal pacáiste tacaíochta teaghlaigh amháin. Tá fáilte romhat do chuid sonraí a chur ar liosta teagmhála na heagraíochta agus seolfar aon eolas nua chugat. Téigh i dteagmháil linn.
Is féidir cinnte. Déan iarratas ar an bpacáiste nuair a thiocfaidh tú abhaile. Idir an dá linn, brúigh ar an nasc seo chun eolas cuiditheach a fháil.
Ní sheoltar pacáistí thar lear faoi láthair. Tá comhairle agus cúnamh ar fáil faoi na hacmhainní éagsúla atá ar fáil do thuismitheoirí ar líne ach brúigh ar an nasc seo.
Tá cinnte. Brúigh an nasc seo le liosta acmhainní atá curtha le chéile ag Tna G a fheiceáil.
Is féidir cinnte. Seol ríomhphost chugainn ag an seoladh seo teanga@tuismitheoiri.ie
Cinnte. Fáilteofar roimh aon aiseolas a bheadh ag tuismitheoirí. Bí i dteagmháil linn.
Bíonn an soláthar sa phacáiste bunaithe ar an rogha a dhéanann an tuismitheoir ar an bhfoirm iarratais. Roghnóidh an tuismitheoir cén chanúint a bhíonn á chleachtadh acu féin sa mbaile idir chanúint na Mumhan, Uladh nó Connacht ach beidh an líon céanna áiseanna ann.
Braitheann an rogha atá sa phacáiste ar na leabhair a bhíonn ar fáil agus i gcló ag an am, chomh maith leis an rogha canúna a dhéantar agus mar sin bíonn éagsúlacht bheag idir na pacáistí ach bíonn an an líon céanna áiseanna ann.
- Téigh chuig do leabharlann áitiúil. Féach ar an rogha mór leabhar Gaeilge atá ann. Déan iarratas ar leabhair eile.
- Féach ar shuímh idirlín na bhfoilsitheoirí Gaeilge, An Gúm, Futa Fata, Leabhar Breac, Cló Iar Chonnacht, Éabhlóid, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, An tSnáthaid Mhór
- Tar ar cuairt chugainn. Buail isteach chuig Splanc – lár-ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua chun an rogha mór leabhar atá ar fáil a fheiceáil duit féin.
- Coinnigh súil ar aon eolas nua a bheidh á scaipeadh nó á roinnt ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ar na meáin shóisialta agus ar an suíomh idirlín.
Mura bhfuil freagra do cheiste anseo, cuir scéala chugainn chuig teanga@tuismitheoiri.ie agus beidh muid ar ais chugat chomh luath agus is féidir.
Ní roinnfear aon eolas pearsanta. Roinnfear aon chomhairle a theastaíonn uaibh a roinnt ach ní thabharfar ainm/sonraí pearsanta an duine.
D’fhéadfaí go lorgófaí eolas uainn faoin líon daoine a bheidh ag éileamh an phacáiste ó chontaetha, ó limistéir phleanála teanga etc. ach NÍ roinnfear aon eolas pearsanta leo, díreach figiúirí a roinnfear.