Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Babaí ar an mBealach

Ceardlann réamhbhreithe í seo a thugann cúnamh do lánúineacha sna roghanna éagsúla atá le déanamh acu agus iad ag súil le leanbh.

Bíonn Bean Ghlúine ar an láthair chun eolas a roinnt ar bhreith an linbh mar aon le bheith ag ullmhú don leanbh, cad le cur sa mhála don ospidéal agus ag teacht abhaile leis an leanbh.

Beidh seisiúin éagsúla i gceist sna ceardlanna seo ag brath ar na teagascóirí atá ar fáil go háitiúil, a leithéidí altra, suathaire chun labhairt ar bhrú phointí agus cleachtaí scíthe nó comhairleoir chun labhairt ar chothú an linbh ar an mbrollach. 

Dírithe ar an gcéad ghlúin eile teaghlaigh Gaeltachta cuirtear Babaí ar an mBealach ar siúl go háitiúil trí Ghaeilge i nGaoth Dobhair, i gCorca Dhuibhne agus i gConamara agus de réir éilimh sna ceantair Ghaeltachta eile. 

Ócáid taitneamhach í seo chun deis a thabhairt do tuismitheoirí ceisteanna a chur agus iad ar a gcompord. 

Cuirtear lón ar fáil, bíonn cur i láthair gairid ar sheirbhísí Thuismitheoirí na Gaeltachta agus bronntar ciseán féiríní ar na tuismitheoirí. 

Is deis iontach í an cheardlann seo do thuismitheoirí machnamh a dhéanamh ar theanga an bhaile.  

Tá ár gcuid Oifigeach Forbartha ar fáil más maith libh, chun labhairt libh ar an gceist seo.