Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

An Coinigéar

Áit iontach is ea an Coinigéar, giota talún agus gainimh a théann trasna na farraige nach mór an tslí ar fad ón Rinn go Dún Garbhán agus uair sa bhliain i mí Iúil eagraítear siúlóid trasna go dtí an baile nuair atá an taoide ana-íseal!

Ceann a’ Bhathala

Tosnaigí ag siúl ag Crosaire Bhaile na nGall. Ar an talamh tirim, tá ana-chuid le feiscint uaidh seo suas Bóthar na Beairice go dtí na Lisíní, ón bhfocal lios, deirtear go raibh na síoga anseo fadó.

Gleann Anna

Tá an tóraíocht seo go hiontach mar shiúlóid aclaí, mar thuras beag go dtí an tráigh chu
clocha a phreabadh ar an uisce nó mar thóraíocht ar sheana-stair na hÉireann.

Abha an tSuláin

Ta ait phairceala trasna Droichead an tSulain. an abhainn is sia agus is leithne i mBaile Mhuirne. agus an t-aon abhainn fireann sa tir. De reir bealoidis baitear duine san abhann gach seacht mbliana agus scaoileann an Sulan beic STOR •. ‘ ‘ MHUSCRAl uafasach as …

Cosán na Foraoise

Tosnaígí ag siúl ón R584 ag Crosaire na Carraige siar an bóithrín i dtreo Tuairín Leathard. Fanaigí ar chlé ag an ladhair bóthair agus chífear leacht cuimhneacháin a tógadh i gcuimhne ar Chriostóir Ó Luasa in airde uaibh.

Slí Eachrois

Tosnaígí amach ón mbosca teileafóin i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus téigí soir ó thuaidh go Droichead Abha Bhun Sílinn [Sídhe Linn]. Bígí ag faire amach do na hiontaisí sa dúlra mórthimpeall oraibh agus ná cailligí an Gallán ar an tslí.

An Máimín

Is ar an mBuailtín a chuirfear tús leis an dtóraíocht, díreach idir Siopa an Bhuailtín agus Sáipéal Naomh Uinseann. Cífear os do chomhair amach conair suas ar an Máimín, a tógfaidh go hard an pharóiste tú.

An Mhináird

Siúil i dtreo Chaisleán na Mináirde agus coimeád ar chlé i gcoinne an fána. Tá geata agus slí aoibhinn isteach go Tobar Eoin Baiste, tobar neamhghnách arna bhfuil cruth crú capaill air. Gach bliain ar an 29 Lúnasa tugann muintir na háite turas ar an dtobar, áit a bhfuil leigheas ar fáil ar thinnis cinn.

Fionntrá

Ag tosnú amach i lár bhaile Cheann Trá, is síos Bóthar an Phóna go dtí an dtráigh a bheidh bhur dtriall. Cuimnigh ar stair agus finnscéalta Cath Fhionn Trá agus tú ag taiscéalaíocht anso, áit ar bhuail Fionn Mac Cumhail ar fhórsaí an oilc fadó.

X