An Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh
Tá an Pacáiste Tacaíochta ar fáil do theaghlaigh ar oileán na hÉireann le leanaí faoi bhun 5 bliana d’aois gur mhaith leo níos mó Gaeilge a úsáid ag an mbaile. Tá an t-ábhar agus na leabhair sa phacáiste oiriúnach do leanaí faoi bhun 5 bliana d’aois – nílid oiriúnach do leanaí níos sine.
Níl teaghlaigh i dteideal ach Pacáiste amháin.
De dheasca cúinsí nach bhfuil smacht againn orthu, ní bheidh an Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh ar fáil go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Tá súil againn an Pacáiste a chur ar fáil arís go luath. Fáilte romhat an fhoirm a líonadh agus cuirfear d’iarratas ar liosta feithimh.
Due to circumstances beyond our control, the Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh is not available at the moment. We hope to be able to make the Pacáiste available again in the near future. You are welcome to fill in the form and your application will be put on a waiting list.
An Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh
Tá an Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh ar fáil do theaghlaigh le páiste nó páistí faoi bhun 5 bliana d’aois, teaghlaigh gur mhaith leo níos mó Gaeilge a úsáid ag an mbaile agus atá ag maireachtaint ar oileán na hÉireann.
Pacáiste é seo ina bhfuil leabhair, dlúthcheirnín agus treoir ar na slite nadúrtha chun Gaeilge a úsáid leis an teaghlach ó lá go lá. Tá an Pacáiste ar fáil saor in aisce tríd an post . Tá roinnt leabhar ar fáil i gcanúintí na Mumhan, Uladh agus Connacht, ach thig leat roghnú dá réir.
Is féidir le tuismitheoirí clárú chomh maith chun breis eolais a fháil ar imeachtaí, seirbhisí agus tacaíochtaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, eolas atá ar fáil go rialta i n-ár nuachtlitir agus ar ghrúpaí WhatsApp.




