Cúige Mumhan

+353 (0)87 376 2941

Dún na nGall

+353 (0)74 953 2640

Cinema Gaelach

Is muide an chéad ghlúin eile

Cairde agus comhluadar ag caint is ag cogarnaíl os íseal, suite siar ag tnúth is ag feithimh don Cinema Gaelach, lán de scéalta, eachtraí, beogacht agus drámaíocht beo bríomhar ag preabadh amach ón scaláin mór! 

Tá club scannán dár gcuid féin againn agus i bpáirt le Access Cinema agus TG4, tugann Tuismitheoirí na Gaeltachta draíocht an cinema gaelaigh go ceithre hairde na Gaeltachta le raidhse scannáin Gaeilge agus ard-spraoi do pháistí, agus a gcuid tuismitheoirí. 

Is minic a tugtar an seachtú ealaín ar an scannánaíocht, ealaín a chuireann buairimh agus anró an tsaoil ón ndoras tamall agus a bhfáiltíonn thar tairseach isteach an spraoi, gáire, samhlaíocht, inspioráid, uafás, siamsaíocht, spleodar, greann agus ár ndóigh an cion agus an grá. 

Bígí ag faire amach don Cinema Gaelach, ag teacht go luath i bhur gceantar Gaeltachta, teacht le chéile siamsúil teaghlach Gaeltachta ag scannáin cháiliúla ar nós Shrek, An Cailín Ciúin, Polar Express, An Slimide agus an Míol Mór, Shark Tale, An Garbhán,  Corps Bride, Rún Cheanannais Mhóir agus go leor leor eile. 

Insíonn gach scannán a scéal féin, agus bíonn a léamh féin ag gach páiste ar na scéalta sin, ach fágann gach éinne An Cinema Gaelach lán de chuimhní cinn.